Cór Ailigh 2021
Автор: Brí Carr Music
Загружено: 2021-12-09
Просмотров: 694
A chairde, a chomharsana agus a dhaoine uaisle go léir.
Bunaíodh Cór Ailigh sa bhliain 2001. Ba é Micheál Ó Giobúin, Una Ní Bhriain agus Róisín Uí Dhochartaigh a bhunaigh an cór, agus is é Áine Nic Niocaill atá mar stiúrthóir. Fir agus mná atá sa chór, agus ceolann muid ag na hAifrinn Gaeilge in Ard Eaglais Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn. Tá áit thábhachtach ag Cór Ailigh i stair agus i scéal cheol na háite.
Tá an Nollaig buailte linn arís, séasúr speisialta atá ann. Tá muid ag smaoineamh ag an am seo den bhliain ar ár gcairde agus bail dár dteaghlaigh atá tinn agus go háirithe orthu siúd atá imithe ar shlí na fírinne. Smaoiníonn muid fosta ar mhuintir na háite atá scaipthe ar fud an domhain agus nach bhfuil ábalta Nollaig a cheiliúradh linn sa bhaile.
Tá muid uilig iontach dóchasach faoin bhliain nua atá ag teacht agus ba mhaith le gach duine atá anseo i gCór Ailigh beannachtaí na Nollag a ghuí oraibh.
Bhí deis iontach againn teacht le chéile chun cúpla carúl a thaifead. Bhain muid an-sult as an deis seo agus tá ár mbuíochas tuillte go mór ag ár stiúrthóir, Áine, as ucht an treoir proifisiúnta a fuair muid uaithi agus an dóigh ina raibh sí tiomanta go hiomlán leis an tionscadal. Buíochas do na seinnteoirí, na cantóirí agus Brí Carr fá choinne an obair ag cur le chéile an físeán fosta.
Bainigí sult anois as na trí charúl- I Lár an Gheimhridh Ghruama, Oíche Chiúin agus Don Oíche Úd i mBeithil.
Micheál Ó Giobúin
Доступные форматы для скачивания:
Скачать видео mp4
-
Информация по загрузке: