Emma NÍ Fhíoruisce - Cumha an Oileán
Автор: Emma Ní Fhíoruisce
Загружено: 2013-12-09
Просмотров: 35005
Do Tom x Cead slán leis an Oileán
Múinteoir, Comhairleoir agus Cara nach ndeanfaidh mé dearmad ar a choice, é féin agus a hata beag, muid ar shiul ar cosa in airde ag féiltí scoil dramaíochta. Ar dhies Dé go raibh d'anam Tom x
**** LIRICÍ ****
cumtha ag Tomás 'ac Giolla Bhrighde (Tom a'Bhungalow)
Céad slán leis an oilean inár chaith mé mo shaoil
Céad slán leis na beanna an chnoc is an sliabh
Céád slán leis na poirt, port uí chrúinn is port úr
Céad slán leat a gabhla, céad slán leat go buan
I mo bhrídóg a chuaigh mé go dtí'n bhaile thiar
Le Donal mo chéile ba sheascar a bhíos
De chlann bronnadh orainn triúr mac agus iníon
Is ba mhinic an gáire na gruaim i mó shaoil
Ag Carraig an Aifrinn tráthnona Deardaoin
Do ghuí mo chuig Muire an doineann a chloigh
ach mo chéile's mó chlann mac do ghoid an mhuir uaim
agus faire gan corp a bhí agam Dé Luain
Tá Maire m'iníon amuigh ar tír mór
Is aici a rachad le uallach mo bhrón
ach m'anam 's mo chroí ní fhagaigh go deo
an teach beag a thóg Donal mo chéile fadó
Céad slán leis an oilean inár chaith mé mo shaoil
Céad slán leis na beanna an chnoc is an sliabh
Céád slán leis na poirt, port uí chrúinn is port úr
Céad slán leat a gabhla, céad slán leat go buan.
Доступные форматы для скачивания:
Скачать видео mp4
-
Информация по загрузке: